Scéal ó Carolina - Áine Uí Fhoghlú


Price:
Sale price€15

Description

Cnuasach trítheangach é an leabhar seo, a chomórann an ceangal neamhchoitianta atá ag an bhfile Gaeltachta seo leis an Airgintín. Rugadh Áine Uí Fhoghlú (Nic Mhurchadha) in Ambasáid na hAirgintíne i Londain mar a raibh a hathair ag obair agus a teaghlach ar lóistín ag an am. Ba bhaill foirne taidhleoireachta na hAirgintíne sa Bhreatain iad a tuismitheoirí baistí nach raibh aon aithne aici orthu agus í ag fás suas. Ach choimeád a hathair an ceangal beo ina hintinn le linn a hóige le scéalta faoin Airgintín, nó gur chinn sí an teagmháil a athnuachaint. Tar éis na mblianta fada gan toradh ar a cuardach, lá amháin agus í ina seomra ranga ag múineadh rang Gaeilge, tháinig ríomh-phost, scéal ó Carolina, iníon a hathar baistí. Mar sin a athbhunaíodh an nasc agus níorbh fhada gur thug sí turas ar Buenos Aires chun aithne a chur orthu siúd a thug chun na haltóra ina mbaclainn í blianta roimhe sin, lá a baiste.

Comórann an cnuasach filíochta seo an turas sin, agus sa 22 dán atá le fáil i nGaeilge, Béarla agus Spáinnis, tá cur síos dialainne ar na heachtraí, na mothúcháin agus an draíocht uathúil a bhain leis an turas úd. Taitneoidh an cnuasach go mór leo siúd ar deas leo scéalta neamhchoitianta, daonna nó scéalta taistil.

Mar mhaise ar na bundánta, tagann na haistriúcháin chugainn ó chuid de mhórfhilí na hÉireann. Orthu siúd tá Paddy Bushe, Thomas McCarthy, Theo Dorgan, Eibhlís Carcione, Cathal Ó Searcaigh, Catherine Foley, Celia de Fréine, Eiléan Ní Chuilleanáin. Is é an file agus an t-aistritheoir Airgintíneach Jorge Fondebrider a d’aistrigh na dánta go Spáinnis. Tugann na haistriúcháin shnasta seo deis do lucht léitheoireachta leathan blaiseadh den chnuasach ceolmhar seo mar a rinceann damhsóirí tangó taobh le gauchos na machairí, mar a siúlann an léitheoir trí shráidíní reilig ghalánta an Recoleta nó gualainn le gualainn le seanmháithreacha Plaza de Mayo.

Payment & Security

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

Estimate shipping

You may also like

Recently viewed