Gearóid Willie Ó Fátharta - Mo Scéal Fhéin


Price:
Sale price€15

Description

Tá a shaol caite ag Gearóid Willie O Fátharta ag freastal ar dhaoine imeallacha. Óna óige i Cois Fharraige, gan mórán de mhaoin an tsaoil, go dtí an t-am a chaith sé i Meiriceá Theas, mar ábhar sagairt ar dtús agus ansin mar shagart oirnithe de chuid Ord na gColmbánach, le tréimhsí i measc pobail bhochta in Éirinn idir eatarthu, is iad an dream atá brúite i leataobh ag an saol is mó is cás leis. Sa leabhar seo, déanann sé cur síos ar a óige sna hAille, ait ar airigh sé an glaoch chun na sagartóireachta ar dtús, na hocht mbliana a chaith sé sa tSile faoi réimeas scáfar an deachtóra Pinochet, agus breis agus fiche bliain a chaith sé i favela i gcathair Salvador sa mBrasaíl, áit a bhí go mór faoi bhrú ó thaobh foréigin, drugaí agus brúidiúlacht póilíní dhe. Tugann sé aghaidh ansin ar an gcúis gur fhág sé na sagairt - mar a deir sé fhéin, thit sé i ngrá le mnaoi, agus thóg siad clann - agus d'fhill ar Éirinn le tabhairt faoi dhúshláin nua sa mbaile.

Payment & Security

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

Estimate shipping

You may also like

Recently viewed