Description
Ag Insint Scéal na hÉireann – Tríd na Lionsaí
Fáilte is fiche chuig Féilire Gaeilge na bliana 2026 – taisteal fófagrafach spreagúil is machnamhach trí chroí beo análaithe na hÉireann.Anois san seachtó heagrán, tá níos mó san fhéilire seo ná bailiúchán d’íomhánna. Ómós atá ann – d’ár dteanga, d’ár dtír is d’ár ndaoine. Le gach casadh den leathanach, tá
cuireadh á thabhairt duit, ní amháin i bhfocail, ach freisin in aghaidheanna is in áiteanna agus i nóimeid ghasta a léiríonn cé sinne. Ó chomhacht shráideanna Bhaile Átha
Cliath go huaigneas bhád iascaigh amach ón gcósta, ó dhúshlán agóide go háthas na hóige, gabhann an féilire seo Éire i ngach dath agus contrárthacht atá aici – amh, fileata
agus neamhscagtha.
Le gach mí ta meascán comhachtach á nochtadh duit de dhaonnacht, de thírdhreach is de stair na linne seo. Sna pearsain a bhuailfidh tú leo, sa tsracfhéacaint a mhalartaítear, sna tradisiúin a chaomhnaítear – ní cur i gcéill atá ann, tá siad fíor, is Éire ina steillbheatha iad.
Istigh i dteannta na míosa tá tuar na gealaí agus na laethanta saoire/féile mar eolas san áireamh agus seanfhocal.
Irish language calendar for 2026 with beautiful photographs from all over Ireland by Eamonn Coyle with bank holidays, festivals and proverbs included.
Payment & Security
Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.