Carúil Nollag Cór Chois Fharraige


Price:
Sale price€12

Description

Bailiúchán d’amhráin Nollag á gcanadh go binn ag Cór Chois Fharraige.

Roghnaíodh na carúil as rogha iomann a bhí aistrithe go Gaeilge den chéaduair ag múinteoir bunscoile as Contae Chiarraí ó dhúchas, Tadhg Ó Séaghdha a rugadh sa bhliain 1906. Tháinig Ó Séaghdha go Conamara i mbun múinteoireachta. Bhí cúram chór an tséipéil ar Thadhg ar an Tulaigh agus i Ros an Mhíl. Ag an am ba bheag amhrán Nollag nó carúl i nGaeilge a bhí ann. Thug Tadhg faoi rogha de na carúil as tíortha na hEorpa a aistriú go Gaeilge. Shocraigh sé in dhiaidh sin iad a fhoilsiú agus ní bhíonn Nollaig anois ann nach gcraoltar cúpla ceann de charúil Thaidhg ar Raidió na Gaeltachta nó Raidió Éireann. Is cuid dhílis de cheiliúradh gliondrach na Nollag iad fud fad na tíre.

Cór Chois Fharraige.

Cór measctha iad, a chasann amhráin thrí Ghaeilge, idir shean agus nua. Glacann siad páirt sa bhFéile Phan-Cheilteach go rialta. Is í Aisling Ní Neachtain an stiúrthóir.

A collection of Christmas carols sung beautifully by the Cór Chois Fharraige choir and features Irish versions of favourite hymns translated from Latin, English, French and other European languages. The songs were chosen from a selection of hymns that were first translated to Irish during the 20th Century by a primary school teacher in Conemara, Tadhg Ó Séaghdha, who was originally from Co. Kerry. Tadhg took over as director of the church choir. At the time Christmas songs or carols in Irish were rare, Tadhg set about translating some of the more popular carols and later decided to publish both lyrics and music on cards and in newspapers. These carols soon became favourites and Christmas never goes by now without some of Tadhg’s carols being aired on Raidió na Gaeltachta or Raidió Éireann. They are an integral part of Christmas celebrations all across the country.

Cór Chois Fharraige choir is a mixed choir featuring male and female voices and they sing Irish songs, both new and old. They are regular entrants in the Pan Celtic Festival singing competitions. Aislíng Ní Neachtain is the director.

Liosta Traiceanna / Track Listing

1. In Dulci Jubilo.
2. An Páistín Soilseach Séimh.
3. Chuaigh Muire Thríd an Draighneach Críon.
4. Ádhamh is a Bhean Chéile.
5. Téanaí ag an Mainséar
6. An Chéad Noel.
7. Insí, a Aoirí, an Scéal Thar Scéalta.
8. An Craoibhín Cumhra.
9. Óra, a Aoirí.
10. Thit Drúcht ó Neamh.
11. Tá sé Beirthe Naomh-aon Dé.
12. Cluintear Aingle Dé Sna Flaithis.

          Payment & Security

          American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

          Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

          Estimate shipping

          You may also like

          Recently viewed