Oidhreacht Ghleann Cholm Cille - Seosamh Watson, Eagarthóir


Price:
Sale price€9.99

Description

Is beag áit eile in Éirinn mar Ghleann Cholm Cille: taobh le chéile sa dúiche uaigneach álainn maireann go fóill tuamaí réamhstairiúla chéadfheirmeoirí ar dtíre agus iarsmaí coistreactha mhanaigh agus dhíthreabhaigh na luathChríostaíochta a dtugtar ósmós dóibh i gcónaí. Sa Ghleann fosta a bailíodh stór as cuimse béaloidis ó bhlianta tosaigh obair Choisisiún Béalóideasa Éireann anall agus lenár linn féin tá cáil an-mhór ar an áit as feabhas na bhfidléirí ann.

Le teacht Oireachtas na Gaeilge go Gleann i 1989, rud a bhí ina bhuaic-phointe féin ar athbheochain chultúrtha sa cheantar a thosaigh le gnéithe d’obair an Ath. Mhic Dhaidhir agus a d’iompair tionscnaimh Oideas Gael agus grúpaí eile ar aghaidh go deireanach, measadh go mb’iomchuí iarracht a dhéanamh ar léargas a thabhairt san aon áit amhain ar mhórghnéithe chultúr agus chuid de stair an cheantair neamhghnáigh seo. Pléitear idir an sean agus an nua ann ag foireann údar a bhfuil scolairi aithnidiúla agus taighdeoirí óga uirthi – gach duine ina eolaí ar a réimse féin d’oidhreacht shaibhir ilghnéitheach Gleann Cholm Cille: ná sáruighter Seinglenn… áitreb na lec nimhe.


    Payment & Security

    American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

    Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

    Estimate shipping

    You may also like

    Recently viewed