Scéalta as Tír Chonaill Cnuasach a ceathair - Séumas Mac Mánas


Price:
Sale price€15

Description

Seo an ceathrú cnuasach de scéalta a bhailigh Séumas Mac Mánais ina áit dhúchais níos mó ná céad blain ó shin. Tá cáil ar fud an domhain le fada ar na scéalta a d’inis Séumas MacManus. I nGaeilge a chuala sé an chéad lá iad ina cheantar Dúchais, ach ní raibh léamh ná scríobh na teanga á múineadh i scoileanna na linne. D’fhág sin gurbh éigean dó iad a scríobh I mBéarla nuair a chuaigh sé go Meiriceá – rud a shábháil cuid díobh ón bhás. Bhí baint aige le gluaiseacht na teanga, áfach, agus bhí an oiread sin measa ag scríobhnéoirí Gaeilge air gur thiontaigh siad drámaí agus scéalta óna pheann.

Rugadh Séumas Mac Mánais i dTamhnach an tSalainn, Co. Dhún na nGall i 1868 agus mhair sé go dtí 1960. Bhí sé gníomhach ag bunú craobhacha de Chonradh na Gaeilge i dTír Chonaill agus dúirt sé go raibh sé ina sheanchaí cosnocht nuair a bhí sé 7 mbliana d'aois.

Tá dosean scéalta sa leabhar seo

Ina measc tá, An Fear Beag Rua, An Prionsa Fionn, Iníon na Baintrí, Iontaisí na dTrí Dhónall, Paráid Lá Fhéile Pádraig & Pionós Bhearnaí. Mícheál Mac Giolla Easpuic a thiontaigh go Gaeilge.

Tá Mícheál MacGiolla Easbuic ar an cheird chéanna le tamall anuas, agus an ceathrú cnuasach dá leagan de scéalta Mhic Mhánais le fáil anseo. Le fírinne, tá sé ag cur culaith an Dúchais ar ais ar na scéalta, á n-insint sa teanga is dual dóibh. Tá cuid thábhachtach d’oidhreacht Ghaeilge Thír Conaill á cur ar fail aige de bharr.

Séumas Mac Mánais, a schoolteacher and writer from Mountcharles in Co. Donegal first heard these stories told in Irish at firesides in Donegal, they were published in English in the USA. Mícheál Mac Giolla Easpuic has now translated them back into Irish, this is the fourth book in a six part collection.
  • Scéalta as Tír Chonaill
  • Scéalta as Tír Chonaill. Cnuasach a Dó
  • Scéalta as Tír Chonaill. Cnuasach a Trí
  • Paidi Dubh
  • Séarlaí Mac Anna agus Mé Fhéin
  • Scéalta as Tír Chonaill. Cnuasach a Cuig

      Payment & Security

      American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

      Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

      Estimate shipping

      You may also like

      Recently viewed