Séideán Sí - Rang 6 / 6th Class


Price:
Sale price€110

Description

An Pacáiste Iomlán
Many items in pack can be bought individually.

Pack consists of:

  • Leabhar an Oide H (Fillteán) 
    • Ceachtanna bunaithe ar théamaí an Churaclaim – Téarma 1
    • Moltaí maidir le húsáid an úrscéil sa rang
    • Moltaí maidir le húsáid na filíochta sa rang
    • Moltaí maidir le húsáid na beathaisnéise sa rang
    • Teimpléid Éagsúla
    • Ceachtanna bunaithe ar théamaí an Churaclaim – Téarma 2 agus 3
    • Tráth na gCeist
    • Dlúthdhiosca Leabhar an Oide H
  • Dlúthdhiosca 1 (Scéalta) 
    • Leagan Ultach, Leagan Muimhneach agus Leagan Connachtach.
  • Dlúthdhiosca 2 (Sceitse, Fógra, Réamhainéis na hAimsire, Agallaimh agus Sobaldráma)
    • Leagan Ultach, Leagan Muimhneach agus Leagan Connachtach.
  • Fite Fuaite (Leabhar an Dalta H) 
  • Leabhair don Léitheoireacht
    • Úbalonga 
      • Cad a dhéanfá dá bhfaighfeá amach nach ‘beagáinín difriúil le máithreacha eile’ atá do mháthair féin, ach ‘an-difriúil ar fad’? Tugtar léiriú tuisceanach dúinn in Úbalonga ar an ngaol idir buachaill óg agus a mháthair agus iad ag dul i ngleic le dúshláin an tsaoil.
    • Amstardam
      • Fear óg míchiallmhar is ea Conchúr atá tar éis ligean don chearrbhachas an lámh inuachtar a fháil air. Tá sé báite i bhfiacha – lena mhuintir, lena chairde agus anois lecoirpeach gránna. Níl pingin rua ag Conchúr leis an gcoirpeach a íoc, mar sin caithfidhsé gar a dhéanamh dó chun na fiacha a ghlanadh. Agus mura ndéanann sé an gar sinis léir nach go caoin ceansa a chaithfear leis ach a mhalairt ar fad!
    • Cathal.
      • Nuair a bhaineann drochthimpiste d’athair Chathail socraíonn a thuismitheoirí go mbogfaidh siad as Baile Átha Cliath siar go Gaillimh. Tá Cathal féin faoi bhrú anois agus é ag dul i ngleic lena shaol nua. Tá sé ina chónaí faoin tuath, cé gur buachaill cathrach é. Tá a chairde ar fad i mBaile Átha Cliath. Ní fheiceann sé a thuismitheoirí rómhinic de bhrí go bhfuil siad gafa le cúrsaí oibre agus le cúrsaí ospidéil. Agus tá rud éigin aisteach faoin tobar atá istigh i mbuaile síos an bóthar ón teach nua … 
    • Siar agus Aniar
      • Trí agallamh beirte scríofa ag údair aitheanta. Bainfidh an léitheoir, idir óg is aosta, sult asan ngreann agus as an gcaint dheisbhéalach fhileata atá sna hagallaimh seo.
    • I gCéin is gCóngar Gearrscéalta nuascríofa.
      • Tar linn ar thuras scéalaíochta. Cúig ghearrscéal atá sa leabhar seo agus iad scríofa ag údair éagsúla – trácht iontu ar eachtraí a tharla i bhfad i gcéin agus ar eachtraí eile a thit amach in áiteanna atá i gcóngar dúinn. Léigh leat is bí ag taisteal thart!
    • Macdara Ó Fátharta - Beathaisnéis 
      • Ina ról mar Thadhg Ó Direáin, an tábhairneoir in Ros na Rún, atá aithne ag an saol mór ar Mhacdara Ó Fátharta sa lá atá inniu ann. Níl sa ról sin, áfach, ach ceann amháin den iliomad rólanna atá déanta ag an aisteoir seo ó ghlac sé páirt ina chéad léiriú gairmiúil in Amharclann na Mainistreach sa bhliain 1973. Rianaíonn an bheathaisnéis seo aistear Mhacdara, arb as Inis Meáin é, i saol na hamharclainne, i gcúrsaí teilifíse agus i réimse na scannánaíochta. Tugtar léargas don léitheoir ar na buaicphointí a bhaineann le gairm an aisteora agus ar an mbriseadh croí freisin. 
    • Dalladh Dánta
      • Ó pheann na bhfilí bronnaimid ort sa leabhar seo: raidhse rann, flúirse filíochta agus dalladh dánta.
    • Leabhar Mór an Eolais.
      • Ciclipéid suas chun dáta an leabhar seo do léitheoirí bunscoile, ó na meánranganna suas. Eolas ar an gcine daonna, an saol mórthimpeall agus ar an domhan mór. 190 leathanach iomlán d’fhíricí suimiúla agus de phictiúir lándaite. Roinnte ina naoi roinn atá sé: An Cholainn; Plandaí agus Ainmhithe; An Domhan; Pláinéid agus Réaltaí; An Eolaíocht agus an Teicneolaíocht; Na hEalaíona; An tSochaí ina mairimid; An Stair agus Tíortha.
      • Scríobhadh na leabhair seo chun freastal ar Rang 3, 4, 5 nó 6 ach is faoi fhoireann na scoile atá sé na leabhair is feiliúnaí a roghnú do gach rang. Beidh cúiseanna éagsúla le rogha na múinteoirí, e.g. caighdeán léitheoireachta na ndaltaí, ábhair spéise na ndaltaí agus daltaí atá in ilranganna
  • 2 Phóstaer 
  • 6 Phictiúrchárta 

                          Payment & Security

                          American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

                          Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

                          Estimate shipping

                          You may also like

                          Recently viewed