Múscail, a Ghiorria - Eithne Ní Ghallchobhair


Price:
Sale price€13

Description

Tá anáil an bhéaloidis le mothú go soiléir san eipic spreagúil, ealaíonta seo. Cuireann scéal an ghiorria ar ár súile go héifeachtach tuiscintí agus tuairimí doimhne ár sinsear i leith an tsaoil agus nádúr an duine—an dá chineál, óg agus aosta, cairde agus céilí comhraic. Is figiúr í an chailleach a mhair ar imeall an phobail, díthreabhach a bhí gafa leis an nádúr agus leis an saol eile. Ina ainneoin sin bhí ról lárnach sa tsochaí aici, ag teacht i gcabhair in am an ghátair, agus ag roinnt eolas praiticiúil agus gaoise go fial ar chách.

Coincheap ársa is ea cumas na caillí í féin a chlaochlú, gné shuaithinseach den scéalaíocht ó ré na meánaoise anonn, tréith atá le sonrú go háirithe sna heipicí clasaiceacha, Tochmharc Éadaoine agus Oidhe Chlainne Lir, atá fite go deas fileata isteach i scéal an ghiorria. Sa saothar seo téann an t-údar i ngreim go meabhrach, físiúil le téamaí suntasacha ón éigse béil, téamaí atá chomh hábhartha inniu is a bhí riamh.

Payment & Security

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

Estimate shipping

You may also like

Recently viewed