An Craiceann agus a Luach – Eithne Ní Ghallchobhair


Price:
Sale price€15

Description

Aon oíche amháin, téann fear darb ainm Mac Aoidh amach ag siúl cois cladaigh. Tchíonn sé scaifte de mhaighdeana mara ag snámh sa chuan agus bratacha s’acu caite le taobh carraige ar an trá. Sciobann sé leis ceann de na bratacha agus cuireann faoi cheilt é ach gan a brat féin a bheith ag achan maighdean mhara ní thig léi pilleadh ar an Domhan Faoi Thonn. Nuair a thugann na maighdeana mara faoi deara go bhfuil Mac Aoidh ann, téann siad ar mire ar fad. Beireann achan bhean acu geirm ar a brat féin agus ar shiúl leo amach ar dhroim na mara. Ach fágtar maighdean mhara amháin acu ar an trá fholamh gan bhrat, gan a craiceann róin. Síos le Mac Aoidh fhad léi agus iarrann uirthi dul chun an bhaile leis agus é a phósadh. Tchítear don maighdean mhara nach bhfuil an dara rogha aici agus leanann sí an gadaí gan fhios di gurbh eisean a bhí taobh thiar den ghníomh bhradach. Anois, tá sí sáinnithe ar dhromchla an domhain, í ina hiasc ar talamh go dtí go dtig an lá a bheidh faill aici éalú.

Payment & Security

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

Estimate shipping

You may also like

Recently viewed