Is leabhar thar a bheith álainn é seo ina bhfuil cur síos ar 17 n-amhrán as Gaeilge agus Béarla, chomh maith leis na filí a chum na h-amhráin, ag dul siar go dtí lár na seachtú haoise déag, as deisceart Cúige Mumhan, go háirithe ó bharúntacht Chairbre (Iarthar Chorcaí). Tá CD dúbailte ina bhfuil taifeadadh de gach amhrán in éineacht le cúig rian uirlise a ghabhann leis an leabhar.
Seoid is ea an saothar nua so ón Dr. Pádraig Mac Cárthaigh, ina n-éiríonn leis athbheochaint a dhéanamh ar amhráin áille a bhí ligthe i ndearúd i measc amhránaithe na Mumhan le tamall. Tá san curtha ina cheart anois ag Pádraig lena ghlór binn amhránaíochta. Ceiliúradh is ea an saothar so ar thraidisiún cumadóireachta na Mumhan, ar a n-áirítear filí Corcaíocha ar nós Sheáin Uí Choileáin (1754–1817) agus Phádraig Uí Scolaí (1760–1816) ó cheantar Chairbre, agus Mhichíl Óig Uí Longáin (1766–1837) ó Charraig na bhFear, chomh maith le filí móra Muimhneacha eile, mar atá Séafradh Ó Donnchú an Ghleanna (1620–1685), Piaras Mac Gearailt (1709–1791), agus Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin (1715–1795). Nach ró-aoibhinn a saothar súd a chlos ar ár gcluasaibh arís anois, agus tá éacht déanta ag an gCárthach! Táimid fé chomaoin ag Pádraig chomh maith as na hamhráin bhreátha as Béarla atá curtha os ár gcomhair aige sa togra so – is táim féinig ana-cheanúil go háirithe ar an leagan anso uaidh de ‘The Wife of the Bold Tenant Farmer’ ó cheantar Chlaich na Caoilthe. Gura fada buan tu a Phádraig, agus gura fada buan na hamhráin bhreátha so uait!"
Tríona Ní Shíocháin, Ollamh Bunaithe le Ceoil agus Taibhealaíona, Ollscoil na Gaillimhe
"I saothar seo Phádraig Mhic Cárthaigh tá bailiúchán álainn, iontach amhrán. Ní hamháin focail na n-amhrán atá againn anso ach a stair agus a n-uile eolas eile, bailithe le chéile chun scéal an amhráin féin do thabhairt dúinn slán iomlán. Ní gan dua agus trioblóid mhór é seo ach blianta caite ag Pádraig ag tóch is ag tochailt is ag bailiú eolais ar fuaid deisceart na Mumhan. Is mó bailiúchán curtha ‘dir láimhibh aige. Gan dabht is eolaí le dúil sa mhatamaitic é Pádraig agus ní hionadh mar sin, gach aon Bun Cleite nó Barr Cleite i dtaisce go cruinn agus in órd sa tráchtas breá liteartha seo. Cabhraíonn an leagan amach, na léaráidí áille agus pictiúirí suimiúla leis seo agus iad ag cur lenár dtuiscint agus lenár mothúcháin i leith cúlra na n-amhrán.
Tá meascán deas, leis, ann le hamhráin mhóra i nGaoluinn agus amhráin i mBéarla chomh maith. Samhail iad seo ar chultúr Dhúthaigh Mhúscraighe Uí Fhloinn agus Dhúthaigh Chairbre. Is léir gurb é seo dúchas an Chárthaigh agus é sa bhaile ann.
Tá gasra deas ceoltóirí cruinnithe timpeall air sna taifid a ghabhann leis an mbailiúchán seo. Tá cóiriú ceolmhar déanta acu ar amhránaíocht bhínn Phádraig.
Ní cás, leis, an léiriú is an cló gleoite atá déanta ag na foilsitheoirí Dingle Publishing a mholadh. Seo saothar iomlán agus ní foláir do aon leabharlann le dealramh, príobháideach nó poiblí, é bheith ar foluain ar chlár acu. Molaim go mór an saothar cuíothach seo de chuid Phádraig Mhic Cárthaigh. "
Peadar Ó Riada