Description
Níl aon amhras ach go raibh Máirtín Ó Direáin (1910–88) ar dhuine de thriúr nó ceathrar filí a d’athraigh filíocht na Gaeilge ón mbonn aníos sa bhfichiú haois. Sa leabhar seo tá cnuasaithe le chéile faoi aon chlúdach amháin den chéad uair riamh gach uile dhán a scríobh an Direánach. Tá na cnuasaigh filíochta go léir a foilsíodh lena bheatha ann: Coinnle Geala (1942), Dánta Aniar (1943), Ó Mórna agus Dánta Eile (1957), Ár Ré Dhearóil (1962), Cloch Choirnéil (1966), Crainn is Cairde (1970), Céacht an Éin (1979), Béasa an Túir (1984), Craobhóg Dán (1986), chomh maith leis na dánta a foilsíodh de chéaduair in Rogha Dánta (1949) agus in Dánta 1939–1979 (1980). Sa leabhar seo freisin tá dornán beag dánta nár foilsíodh in aon leabhar go nuige seo.
In eagar ag Eoghan Ó hAnluain.
Ealaín le Seán Ó Flaithearta.
I Sruthán, Cill Rónáin, Árainn, a saolaíodh Máirtín Ó Direáin sa bhliain 1910. I ndiaidh dó an t-oileán a fhágáil i 1928, chuir sé faoi i nGaillimh, ag obair in oifig an phoist, sular thug sé aghaidh ar Bhaile Átha Cliath i 1937. Chuir sé suim san aisteoireacht agus bhí baint dhaingean aige le Conradh na Gaeilge i gcaitheamh a shaoil. D’fhoilsigh Máirtín a chéad saothar filíochta i 1942 – Coinnle Geala – agus, ón am sin i leith, chuir sé tús le ré nua i bhfilíocht na Gaeilge agus bhain aitheantas idirnáisiúnta amach dá bharr. Bhásaigh sé sa bhliain 1988.
Payment & Security
Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.
