Description
Foclóir Téarmaíochta Farraige Gaeilge - Béarla / Irish - English Dictionary of Maritime Terminology.
Taisce téarmaíochta farraige Gaeilge/Béarla, le samplaí úsáide tógtha ó iascairí agus lucht mara fá chósta Chúige Uladh.
A treasury of maritime terminology in Ulster Irish with sample usages collected from fishermen and seafolk along the Ulster coast.
Stór focal, cora cainte agus téarmaíochtaí a bhaineann leis an fharraige atá sa leabhar seo, nathanna a bailíodh fá chósta Dhún na nGall ó fhaisnéiseoirí ó Theileann go hInis Eoghain agus níos faide thart an cósta, agus mínithe tugtha ar na téarmaí i mBéarla. Is taisce luachmhar focal agus nathanna é, tógtha ó chaint na ndaoine.
Tá an leabhar mar thoradh ar bhlianta fada oibre ag bailiú nathanna agus téarmaí farraige ó iascairí agus lucht mara. Tá saibhreas sa leabhar nach bhfuil cruinnithe aon áit eile agus míniú cruinn tugtha ar théarmaí farraige. Tá na cinnfhocail leagtha amach in ord aibítre agus suas le 1000 ceannfhocal sa leabhar ar fad. Tugtar míniú ar théarmaí a bhaineann le cúrsaí farraige, idir sheoltóireacht, bhádaí, aimsir, gheolaíocht, an fharraige, iascaireacht, éisc, bhia farraige agus go leor eile.
Tá na téarmaí go léir glactha síos ó iascairí agus ó dhaoine a raibh baint dhlúth acu leis an fharraige; cainteoirí dúchais a raibh a saol caite acu ar an fharraige. Fóirfidh an leabhar do ghnáth léitheoirí, do scoláirí Gaeilge, dóibh siúd ar suim leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus go speisialta dóibh siúd a bhfuil suim acu i gcúrsaí bádóireachta, seoltóireachta agus mara.
Payment & Security
Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.
