{"product_id":"sceal-na-dteicstili-i-ngaeltacht-iardheisceart-dhun-na-ngall","title":"Scéal na dTeicstílí i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall","description":"\u003cp\u003eTá lúcháir mhór ar Údarás na Gaeltachta i gcomhar le hÁislann Chill Charthaigh 'Scéal na dTeicstíli i nGaeltacht lardheisceart Dhún na nGall' a chur os bhur gcomhar. Scéal a dhéanann cur síos ar oidhreacht shaibhir teicstílí an cheantair seo. Fíonn an leabhar seo le chéile snáithí an scéil shuimiúil seo, ó cheardaíocht bhaile shimplí go tionscal rathúil comhaimseartha na linne seo.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eTá cáil ar leith ar Chontae Dhún na nGall mar lárionad bhréidín agus olna, agus tá an t-oidhreacht shaibhir sin le léamh sa leabhar nua '\u003cem\u003eScéal na dTeicstílí i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall'\u003c\/em\u003e.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eFáisceadh tionscal bhréidín Dhún na nGall ó dhá fhréamh éagsúla ach fite fuaite ina chéile ó dheireadh na 1800idí. Tháinig an chéad cheann ó ghrósaeirí áitiúla a chas ar tháirgeadh bréidín mar bhealach lena ngnó a leathnú. Tháinig an dara ceann as gníomhaíocht phobail, le tacaíocht ó eagraíochtaí carthanachta agus ó bheartais rialtais. Le chéile, leag na forbairtí seo dúshraith faoi earnáil teicstíle bhríomhar san iardheisceart.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eTá an tionscal sin ag dul ó neart go neart inniu. Tá a rian le feiceáil ar fud an cheantair — maireann sé i muintir na háite, ina dtírdhreach uasal agus ina n-oidhreacht shaibhir. Thuill ceantracha in Ard an Rátha, i nGleann Cholm Cille agus i gCill Charthaigh cáil mhór ó thaobh olna agus bréidín.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eIs é stair shuntasach na h-olna, an tsnátha agus an bhréidín le linn an chéid seo caite atá á aithris sa leabhar nua seo.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003e\u003cem\u003eÚdarás na Gaeltachta, in partnership with Áislann Chill Charthaigh, are delighted to present A History of Textiles in the Southwest Donegal Gaeltacht\u003c\/em\u003e \u003ci\u003ea landmark bilingual book that traces the rich story of wool, yarn and tweed across more than a century in one of Ireland’s most storied regions, \u003cem\u003efrom a humble domestic craft to a thriving industry.\u003c\/em\u003e\u003c\/i\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003e\u003ci\u003eDonegal is widely recognised as the heartland of tweed and wool. The industry evolved from the late 1800s along two complementary paths: enterprising local grocers who expanded into tweed production, and community-driven cooperatives supported by charitable organisations and government initiatives. Together, these approaches laid the foundation for a thriving textile sector in southwest Donegal. The areas of Ard an Rátha, Gleann Cholm Cille and Cill Charthaigh became renowned centres of production, and their legacy endures as a living testament to the region’s people, its rugged landscape, and a heritage valued around the world.\u003c\/i\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003e\u003ci\u003eThis new bilingual publication brings that heritage to life — telling the full story of the textile tradition that has shaped the southwest Donegal Gaeltacht for generations.\u003c\/i\u003e\u003c\/p\u003e","brand":"An Siopa Gaeilge","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":54394884850001,"sku":null,"price":25.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0502\/6260\/6004\/files\/DOC230726-23072026144613_page-0001.jpg?v=1784815084","url":"https:\/\/www.siopagaeilge.ie\/products\/sceal-na-dteicstili-i-ngaeltacht-iardheisceart-dhun-na-ngall","provider":"An Siopa Gaeilge","version":"1.0","type":"link"}