Pádraig Standún: Sagart a' Rún - Tadhg Ó Dúshláine


Price:
Sale price€25

Description

Tá iarracht déanta sa tráchtaireacht seo idirghabháil a dhéanamh idir an léitheoir agus an téacs.  Níorbh fholáir i dtús báire cúlra agus comhthéacs a bhrath, idir náisiúnta agus eaglasta: impleachtaí, idir oideachasúla agus reiligiúnda, réabhlóid chultúrtha na seascaidí agus tionchar aggiornamento Dhara Comhairle na Vatacáine, ar shaol agus ar shaothar an Standúnaigh, a bheachtú agus a mhíniú. Ó d'imigh leá chúr na habhann ar struchtúir, ar cheannasaíocht, ar bhéascna agus ar chleachtais institiúid na hEaglaise agus claochlú chomh mór sin ar an Éirinn a bhí anallód ann, ní fhéadfaí talamh slán a dhéanamh de go mbeadh fios fátha an chultúir agus an chreidimh a mhúnlaigh ár nglúinse ar eolas ag mórán de léitheoirí na linne seo atá faoi bhun an leathchéid.

Payment & Security

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

You may also like

Recently viewed