Ón Taobh Istigh - Jake Mac Siacais


Price:
Sale price€10

Description

Cad é a d’itheadh cimí poblachtaí do dhinnéar na Nollag? Cén bhaint a bhí ag blas Bhéarla Dheisceart Dhoire ar thús lochtach ar an agóid shalach? Cad chuige a bhfuil an Bíobla léite ó chlúdach go clúdach cúig huaire ag an údar, aindiachaí déanta ó bhí sé sna déaga?

Tá na freagraí – agus a lán, lán eile – sa leabhar spleodrach spéisiúil spreagúil seo a thugann léargas cuimsitheach ón taobh istigh dúinn ar ghluaiseacht na poblachta agus ar ghluaiseacht na Gaeilge araon. Sna blianta a chaith an t-údar ‘faoi ghlas ag Gall’, tharla cuid de na heachtraí is mó a mhúnlaigh an treo a ghlacfadh Óglaigh na hÉireann agus Sinn Féin i leith na coimhlite ó thuaidh, mar atá, agóid na pluide, an agóid shalach agus na stailceanna ocrais. Ní hé go raibh na himeachtaí sin ag titim amach thart timpeall ar an údar: bhí ról measartha lárnach aige iontu.

Feirsteach go smior é an t-údar, ach – ar chúiseanna áirithe – tá cuid mhór den tír agus dén domgan siúlta aige. Tá tuiscint ghrinn aige ar mheon an duine dá bharr, tuiscint a d’fhás nuair a tháinig dúlagar air sna blianta beaga sular scríobh sé an leabhar, tá a insint ar an streachailt a bhí aige féin leis an mhadadh dubh eolasach, suntasach agus, thar aon rud eile, ionraic.

              Payment & Security

              American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Visa

              Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

              Estimate shipping

              You may also like

              Recently viewed