Apathy Is Out SELECTED POEMS by Seán Ó Ríordáin


Price:
Sale price€15

Description

Ní Ceadmhach Neamhshuim

ROGHA DÁNTA le Seán Ó Ríordáin  aistrithe ag Greg Delanty

Cnuasach dátheangach.

Tháinig go leor d’fhilíocht Sheáin Uí Ríordáin óna strachailt leis an uaigneas agus an aonrú a bhain leis an saol in Éirinn i lár an chéid seo caite tráth a raibh cumhacht mhór ag an Eaglais Chaitliceach. I gCo. Chorcaí a rugadh é agus is ann a chaith sé a shaol. Corcaíoch chomh maith é an file Greg Delanty a d’aistrigh go Béarla na dánta in Apathy Is Out | Ní Ceadmhach Neamhshuim.

 Is iomaí file a d’aistrigh dánta le Ó Ríordáin cheana, ach go dtí seo níor aistrigh aon scríbhneoir amháin cnuasach mór dá chuid. Tugann an cnuasach áirithe seo guth sainiúil amháin do shaothar Uí Ríordáin agus cuireann sé réimse, spraíúlacht, is brí na filíochta i láthair agus freisin ‘an ceol a cloiseann tú fós sa Mhumhain / fiú in áiteanna ’nar tréigeadh an chanúint’.

Is minic a deirtear go ndearna Seán Ó Ríordáin athbheochan ar fhilíocht i nGaeilge agus é ag scríobh ó mheon Nua-Aoiseach ina ndearnadh plé ar théamaí mar an gcoimhthiú, an coimhthíos agus géarchéim na feiniúlachta. Ina dhiaidh sin féin bhí sé in ann féachaint amach thar theorainn an Nua-Aoiseachais chuig an ngaol atá ann idir nithe éagsúla an tsaoil.

Clúdach Bog / Paper back

Apathy Is Out - SELECTED POEMS by Seán Ó Ríordáin 

Ní Ceadmhach Neamhshuim

ROGHA DÁNTA le Seán Ó Ríordáin with translations by Greg Delanty

Bilingual collection of Seán Ó Ríordáin's poetry.

Many of Seán Ó Ríordáin’s poems were born of his struggle with the isolation, loneliness and guilt of life in mid-century Catholic Ireland. He was born and lived all his life in Co. Cork, which is the native locale also of the poet Greg Delanty, translator of Apathy Is Out / Ní Ceadmhach Neamhshuim.

 Ó Ríordáin’s poems have been translated by many poets, but up till now no one single writer has translated a large selection of his work. This collection gives a unified sense of Ó Ríordáin’s poetry, catching its verve, playfulness and range and also ‘the music you still hear in Munster, / even in places they’ve ditched the dialect’.

 Ó Ríordáin is commonly held to have ‘renewed’ poetry in Irish by writing out of the Modernist sense of alienation, fragmentation and crisis of identity, but all the while reaching beyond Modernism’s confines to the connective matrix of our world.

 

Payment & Security

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

Estimate shipping

You may also like

Recently viewed