Prós / Prose

Cnámh - Eoghan MacGiolla Bhríde

Covid-19 in 2020
Bernie Ó Conaill &
Frainc MacBrádaigh

Cúig aiste is fiche atá sa leabhar seo, cúig ábhar marana is fiche ar eispéireas Covid-10 ó scríbhneoirí aitheanta agus ó scríbhneoirí gur beag atá scríofa do dtí seo acu. Scríbhneoirí aneas, aduaidh, anoir is aniar. Bainfidh cuid de na haistí preab asat ar an gcéad iarraidh, cuid eile beidh ort filleadh ar an aiste len fháil amach an bhfuil rud i dtaisce inti nár léir duit ar an gcéad léamh, cuid eile fós a mhusclóidh mothúcháin éagsúla ionat idir bhuíochas, dóchas, imní, bhrón, iontas agus fhearg fiú.

Tabharfaidh níos mó ná aiste amháin anseo cuireadh duit athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a mairimid le chéile, ar fhuadar is ar fhústar an tsaoil nach dtugann saoirse dár dtabhairt faoi deara ná deis dúinn ár súile ná ár gcluasa a oscailt ar áilleacht an domhain thart orainn. Tá daoine inár measc atá compardach ina gcraiceann féin, mar a deir na Francaigh, daoine a ghlacann rudaí go réidh, daoine a bhaineann triail as seansanna nua a chuireann an saol ina dtreo, daoine a luíonn an bhróg go crua orthu, agus daoine a chuireann ina luí orainn go réidh gur ar scáth a chéile a mhairimid.

A collection of twenty-five essays from authors discussing different aspects of how Covid 19 impacted their lives, they will awaken feelings of fear, worry, sadness but also hope.

 


 

Order irish language books

Price: €10.00

An Siopa Gaeilge
Foirm Ordaithe Faoi Ghlas
Secure order form



Cinntíonn úsáid an fhoirm ordaithe ‘An Siopa Gaeilge’ costas níos cruinne ar phostas & pacála.
‘An Siopa Gaeilge’ secure order form often ensures a more advantageous post & packaging rate.

Purchase through PayPal
Price:
€10.00
Select correct postage for
your Postage Region