Cur síos
Seo leabhar ina bhfuil cur síos, i bhfocla dhuine de bhunadh na háite, ar ghnéithe den seansaol i dTeilionn, an ceathar álainn, stairiúil sin atá suite idir Shliabh Liag agus an fharraige in Iardheisceart Thír Chonaill. Tá aithris sa leabhar agus ins na dlúthdhioscaí ar chuid de na scéalta a bhíodh a n-inse ag seanchaithe Theilinnin óige Phádraig Mac Seáin. Scríobh sé síos a bhformhór ó Séarlaí Mac Anna (1845-1928), a bhfuil ar an chlúdach agus a ainm leis an leabhar. Rinne Pádraig taifead ar na scéalta ins na 1960’í. Tá cur síos uaidh fosta ar eachtraí a tharla le linn dó freastal ar scoil Theilinn agus tugtar cuntas ar chuair an Phiarsaigh ar an scoil i 1907. Déantar athinsint ar chur síos suimiúil a foilsíodh san iris ‘Béaloideas’ i 1960 ar shaol Séárlaí agus ar an ghreann, an gátar agus ar an ghaisciúlacht a bhain lena shaol agus le saol a chomrádaithe, iascairí Theilinn, i mblianta deireanach na naoú haoise déag.
Ba é Diarmuid, mac Phádraig a rinné taighde agus tarrtháil ar ábhar an leabhair seo agus ba é Micheál MacGiolla Easbuic, mar Eagarthóir a rinné leabhar as.
- Scéalta as Tír Chonaill
- Scéalta as Tír Chonaill. Cnuasach a Dó
- Scéalta as Tír Chonaill. Cnuasach a Trí
- Scéalta as Tír Chonaill. Cnuasach a Ceathair
- Paidi Dubh
Condaí Phroinnseais Mac Cuinneagáin agus Ceolta Theilinn - Le Pádraig Mac Seain
Íocaíocht & Slándáil
Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.