{"product_id":"sceal-o-carolina-aine-ui-fhoghlu","title":"Scéal ó Carolina - Áine Uí Fhoghlú","description":"\u003cp\u003eCnuasach trítheangach é an leabhar seo, a chomórann an ceangal neamhchoitianta atá ag an bhfile Gaeltachta seo leis an Airgintín. Rugadh Áine Uí Fhoghlú (Nic Mhurchadha) in Ambasáid na hAirgintíne i Londain mar a raibh a hathair ag obair agus a teaghlach ar lóistín ag an am. Ba bhaill foirne taidhleoireachta na hAirgintíne sa Bhreatain iad a tuismitheoirí baistí nach raibh aon aithne aici orthu agus í ag fás suas. Ach choimeád a hathair an ceangal beo ina hintinn le linn a hóige le scéalta faoin Airgintín, nó gur chinn sí an teagmháil a athnuachaint. Tar éis na mblianta fada gan toradh ar a cuardach, lá amháin agus í ina seomra ranga ag múineadh rang Gaeilge, tháinig ríomh-phost, scéal ó Carolina, iníon a hathar baistí. Mar sin a athbhunaíodh an nasc agus níorbh fhada gur thug sí turas ar Buenos Aires chun aithne a chur orthu siúd a thug chun na haltóra ina mbaclainn í blianta roimhe sin, lá a baiste.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eComórann an cnuasach filíochta seo an turas sin, agus sa 22 dán atá le fáil i nGaeilge, Béarla agus Spáinnis, tá cur síos dialainne ar na heachtraí, na mothúcháin agus an draíocht uathúil a bhain leis an turas úd. Taitneoidh an cnuasach go mór leo siúd ar deas leo scéalta neamhchoitianta, daonna nó scéalta taistil.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eMar mhaise ar na bundánta, tagann na haistriúcháin chugainn ó chuid de mhórfhilí na hÉireann. Orthu siúd tá Paddy Bushe, Thomas McCarthy, Theo Dorgan, Eibhlís Carcione, Cathal Ó Searcaigh, Catherine Foley, Celia de Fréine, Eiléan Ní Chuilleanáin. Is é an file agus an t-aistritheoir Airgintíneach Jorge Fondebrider a d’aistrigh na dánta go Spáinnis. Tugann na haistriúcháin shnasta seo deis do lucht léitheoireachta leathan blaiseadh den chnuasach ceolmhar seo mar a rinceann damhsóirí tangó taobh le gauchos na machairí, mar a siúlann an léitheoir trí shráidíní reilig ghalánta an Recoleta nó gualainn le gualainn le seanmháithreacha Plaza de Mayo.\u003c\/p\u003e","brand":"Éabhlóid","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":53681282908497,"sku":null,"price":15.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0502\/6260\/6004\/files\/9781914482298.png?v=1777822794","url":"https:\/\/www.siopagaeilge.ie\/ga\/products\/sceal-o-carolina-aine-ui-fhoghlu","provider":"An Siopa Gaeilge","version":"1.0","type":"link"}