Páidí Dubh as Tír Chonaill - Séumas Mac Mánas


Praghas:
Praghas €7.50

Cur síos

Cnuasach de ghearrscéalta a scríobh Séumas Mac Mánais i 1939 curtha in eagar ag Mícheál Mac Giolla Easpuic. Rugadh é i dTamhnach an tSalainn i 1868 agus mhair sé go dtí 1960. Bhí sé gníomhach ag bunú craobhacha de Chonradh na Gaeilge i dTír Chonaill agus dúirt sé go raibh sé ina sheanchaí cosnocht nuair a bhí sé 7 mbliana d'aois. Chaith sé a lán ama ag éisteacht leis na seanchaithe ag insint scéalta a bhí mar chaitheamh aimsire ag an gnáthdhuine ar fud na tíre ag an am sin. Ní i leabhar a bhí na scéalta, ach tháinig siad anuas ó ghlúin go glúin, agus bhí scéalta éagsúla ag duine i ngach ceantar.

Bhí clú agus éileamh mór ar a chuid scéalta faoi Pháidí Dubh. Scéalta Gaeilge atá iontu ó cheart, áfach, agus sa tiontú seo cuirtear an chulaith dhúchasach is dual ar ais orthu. Tá ceithre scéal déag anseo a bhíodh forleathan i dTír Chonaill, go háirithe sna Cruacha Gorma, agus ní lú an taitneamh is an greann a bhainfidh léitheoirí an lae inniu astu.

  • Scéalta as Tír Chonaill
  • Scéalta as Tír Chonaill. Cnuasach a Dó
  • Scéalta as Tír Chonaill. Cnuasach a Trí

        Íocaíocht & Slándáil

        American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

        Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

        Seans go dtaitneoidh siad seo leat

        Táirgí ar chuir tú suim iontu