{"product_id":"bilal-agus-coco-aine-ui-fhoghlu","title":"Bilal agus Cócó - Áine Uí Fhoghlú","description":"\u003cp\u003eBuachaill dhá bhliain déag d’aois é Bilal. Tá a dheirfiúr Salma sé bliana d’aois. Mohammed is ainm dá Dhaidí agus Mariam is ainm dá Mhamaí.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eIs as an bPalaistín dóibh. Tá cónaí orthu go sealadach in Óstán an Chaisleáin, Baile Átha Cliath, Éire. Agus é ar an mbealach abhaile ón scoil lá, tagann Bilal ar phuisín beag gleoite a chaith duine éigin sa bhruscar. Déannann sé í a tharrtháil, ach ní cheadaítear ainmhithe san óstán, agus faigheann Bilal amach nach bhfuil sé éasca puisín beag a choimeád faoi rún i seomra óstáin! Beidh ar Bilal teacht ar phlean chun a chinntiú nach gcaillfidh sé a dhlúthchara nua.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eScéal lán le croí é seo a mheabhraíonn dúinn an tábhacht a bhaineann le cineáltas agus cairdeas.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eBhuaigh leagan den scéal seo duais ag Comórtais Liteartha an Oireachtais, 2023.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eAs Gaeltacht na Rinne i gCo. Phort Láirge d’\u003cstrong\u003eÁine Uí Fhoghlú\u003c\/strong\u003e.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eScríbhneoir ficsin agus file í a bhfuil dhá scéal don fhoghlaimeoir fásta foilsithe aici agus cúig chnuasach filíochta. Bhailigh agus thaifead sí cnuasach béaloidis as Gaeltacht na nDéise, a foilsíodh mar leabhar.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eSeo é an cúigiú scéal do dhéagóirí atá foilsithe aici. Tá go leor duaiseanna scríbhneoireachta buaite aici, gradaim ó Oireachtas na Gaeilge ina measc.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eIs dearthóir agus maisitheoir as Baile Átha Cliath í \u003cstrong\u003eSerena Scully\u003c\/strong\u003e atá anois ina cónaí sa tSualainn. Déanann Serena maisiú ar scéalta a dhéanann ceiliúradh ar áilleacht an dúlra agus a chuireann téamaí amhail an inbhuanaitheacht agus an éagsúlacht chun cinn.\u003c\/p\u003e","brand":"Comhar","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":53786994049361,"sku":null,"price":12.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0502\/6260\/6004\/files\/Bilal.jpg?v=1778862400","url":"https:\/\/www.siopagaeilge.ie\/ga\/products\/bilal-agus-coco-aine-ui-fhoghlu","provider":"An Siopa Gaeilge","version":"1.0","type":"link"}