Dúradáin Mheabhracha / Thinking Dominoes


Praghas:
Praghas €10

Cur síos

Is slí spraíúil iad Dúradáin Mheabhracha chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a neartú ag baint úsáide as scil thábhachtach - catagóiriú. Cabhraíonn catagóiriú le daoine chun focail a fhoghlaim, a eagrú agus a chuimhneamh.

Tá 48 carta dúradáin sa chluiche. Ag barr gach cárta tá ainm catagóire ann, agus ag bun gach cárta tá pictiúr de rud éigin ó chatagóir eile.
Cuireann imreoirí na cártaí dúradáin le chéile ag déanamh cinnte go bhfuil na pictiúir agus na focail curtha le chéile i gceart.

Caithfidh imreoirí meaitseáil a dhéanamh ar shlí níos casta ná píosa ar phíosa: caithfidh siad machnamh a dhéanamh ar cén catagóir lena mbaineann na léaráidí sula meaitseálfaidh siad na cartaí. Dá bharr seo, tá an cluiche níos dúshlánaí agus níos úsáidí, toisc go gcaithfidh imreoirí machnamh a dhéanamh ar an bhfoclóir.

I ngach bosca tá na treoracha ann i mBéarla agus i nGaeilge.

Dúradáin Mheabhracha (Thinking Dominoes) is a fun way to learn and strengthen Irish using the important skill of categorisation. Categorisation helps people to learn, organise and remember vocabulary.

There are 48 cards in the game. There is a name of a category on the top of each domino card and on the bottom of each card is a picture of something from a different category.

Players join the cards into a chain, always making sure that a picture is placed adjacent to an appropriate category/concept word, or vice versa.

Players have to make more than simple one to one matches: They have to think about what category the illustrations belong to before they match the cards. This makes the game more challenging.

Each box contains instructions in Irish and in English.

      Íocaíocht & Slándáil

      American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

      Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

      Postas a mheas

      Seans go dtaitneoidh siad seo leat

      Táirgí ar chuir tú suim iontu