A Leithéid! le Gillian Lobel agus Adrienne Geoghegan


Praghas:
Praghas €8.50

Cur síos

Is leabhar aoibhinn é “A leithéid”, a scríobh Gillian Lobel agus a d’aistrigh Gabriel Rosenstock.  Is scéal é faoi ‘Caoimhe Corr’, éinín a thagann ar nead lán d’uibheacha.  Is uibheacha iad seo nach bhfuil cosúil le haon cinn atá feicthe aici riamh cheana! Gan rómhoill, tuigeann sí go gcaithfear aire cheart a thabhairt do na huibheacha seo.
I rith an scéil, cuireann Gillian Lobel ainimhithe ón dufair in aithne don léitheoir nuair a thagann siad chun caint le ‘Caoimhe Corr’. Is meascán mór d’ainmhithe idir bheag agus mhór atá i gceist, iad go léir lena gcuid tuairimí ar cad nó cé atá sna huibheacha.

Tá léaráidí gleoite sa leabhar seo, iad go léir léirithe go simplí ach go héifeachtach ag Adrienne Geoghegan. Tugann sé seo seans don léitheoir óg gach ainmhí a aithint gan stró, ceann i ndiaidh a chéile.  Is ar leathanach nua a chuirtear gach carachtar nua in aithne dúinn. Spreagann sé seo comhrá idir an léitheoir agus páiste óg.  Úsáideann sí dathanna  gealla a thugann beocht do na carachtair go léir.

Tá cliceas iontach ag baint le stíl aistriúcháin Gabriel Rosenstock . Úsáideann sé focail atá lán le greann a  thugann beocht don scéal  agus tugann sé seans don pháiste óg storas focal nua a fháil chomh maith.  Tá an leabhar lán le frásaí iontacha le faoileach ‘athrá’, rud atá an-úsáideach don léitheoir atá ag foghlaim na teanga.

Is scéilín álainn, briamhar é seo do pháistí, 0-4 & 5-7.

Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu