Mian na Saoirse - Pádraig Ó Baoighill


Praghas:
Praghas €8.50

Cur síos

Tá Mánas Ó Colla ag teacht chun deireadh na scoile i ndeisceart Ard Mhacha i dtús na 1970idí. Bhí suim aige sa stair riamh, agus is minic a chuala sé a athair mór ag caint faoina bheith faoi ghlas ar long príosúin caoga bliain roimhe sin. Anuas ar sin, tá Mánas ag cluinstin gach lá faoi imeachtaí sa Tuaisceart – imtheorannú, céasadh, Domhnach na Fola agus eile.

Gabhtar Mánas féin nuair a chuireann patról airm cosc ar imreoirí ag taisteal chuig cluiche peile. Tá mian na saoirse ag borradh ann anois, fonn leanúint de lorg na laochra. Ag campa traenála foghlaimíonn sé faoi láimhseáil arm agus stair na coimhlinte. Ní fada go nglacann sé féin páirt in ionsaí míleata.

Tá coimhlint ar siúl aige féin, áfach. Is poblachtach tréan é, ach níor mhaith leis a óige a chaitheamh i ngéibheann. Arbh fhearr dó socrú síos lena chailín, b’fhéidir – cé nach bhfuil gean ar bith ag a mháthair ar an chailín céanna? Nuair a mharaítear comrádaí leis agus amhras ann faoi spiadóirí, tá ceisteanna crua le fuascailt ag Mánas…

Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu