Ar an Imeall i Lár an Domhain – Ag Trasnú Tairseacha Staire, Teanga, Litríochta agus Cultúir


Praghas:
Praghas €40

Cur síos

Cnuasach aistí taighde bunaithe ar rogha páipéar a léadh ag comhdháil idirnáisiúnta lán-Ghaeilge a tionóladh i bPrág i Méan Fómhair 2017. Tugann aistí áirithe anseo léargas nua ar an gcaidreamh cultúrtha idir Éire agus an Eoraip, go stairiúil agus sa lá atá inniu ann. Scrúdaíonn aistí eile coincheapa na tairsí agus na tairseachúlachta i nuaphrós agus i nuafhilíocht na Gaeilge, agus pléann na haistí deireanacha sa chnuasach seánraí scríbhneoireachta atá ar imeall na canóine.

Is don Ollamh Mícheál Mac Craith OFM, duine de mhórscoláirí Gaeilge na linne seo agus údar na chéad aiste sa chnuasach, a thiomnaítear an leabhar seo.

Trasnaíodh tairseacha tábhachtacha teanga agus tuisceana ag an gcomhdháil i bPrág agus feidhmeoidh an leabhar seo anois mar mhúnla do thionscnaimh thraschultúrtha eile dá chineál sna blianta atá amach romhainn. Tá an leabhar tiomnaithe don Ollamh Mícheál Mac Craith, sagart Proinsiasach agus duine de mhórscoláirí Gaeilge na linne seo.

 “Le blianta beaga anuas, tá scoláirí na Gaeilge ag díriú as an nua ar an Ghaeilge agus ar thraidisiún na Gaeilge i gcomhthéacsanna idirnáisiúnta agus trasnáisiúnta. Leantar den iniúchadh sin sa mhórbhailiúchán breá aistí seo ina bhfuil an bhéim ar an taobh Eorpach den scéal. Is saothar critice den scoth é Ar an Imeall i Lár an Domhain ina bhfuil éagsulacht scóipiúil in ábhar na n-aistí agus i gcur chuige na n-údar. Leabhar spreagúil is ea é seo a bhfuil lón machnaimh ann. Is leabhar tarraingteach é fosta a théann i bhfeidhm ar an tsúil.

Isteach thar an tairseach leat, a léitheoir chóir, buail fút, agus blais de rogha agus de thogha scoláireacht Léann na Gaeilge.” — An tOll. Pádraig Ó Siadhail, Ollscoil Mhuire Naofa, Halifax

 “Leabhar fíorthabhachtach é seo a léiríonn go raibh litríocht na Gaeilge ag plé riamh anall le coincheapa casta agus leis an dlúthcheangal idir Éire agus Mór-roinn na hEorpa.” — an tOll. Clíona Ní Ríordáin, Université Sorbonne Nouvelle, Páras.

Eagarthóirí: Radvan Markus, Máirín Nic Eoin, Deirdre Nic Mhathúna, Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Brian Ó Conchubhair, Pádraig Ó Liathái

Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu