'Murdar' ar an Lochán Beag - Eachtra i gCogadh na Saoirse - Peadar Ó Máille


Praghas:
Praghas €15

Cur síos

Oíche an 2ú Feabhra 1920, achar siar ó theach ósta Tigh Mholly ar an Lochán Beag i gCois Fharraige i gCo. na Gaillimhe, d'eirigh idir beirt deartháir agus buíon Óglach.  Tamall ina dhiaidh sin, bhí an bheirt buailte, agus duine acu caite.  An té a caitheadh, Patrick Thornton, b'iarshaighdiúir é sna Connaught Rangers in Arm Shasana.  Thug seisean roinnt ainmneachaí do lucht an RIC an lá arna mhárach, agus tógadh ceathrar dhá bharr.  Chuaigh an gortú in ainseal agus bhásaigh Thornton cupla lá ina dhiadh sin.  Cuireadh an ceathrar ar a dtriail, frítheadh ciontach iad as Thornton a ionsaí, agus chuaigh príosún orthu.  I gcaitheamh an ama, bhí fear eile á thóraíocht ag na húdaráis agus é curtha ina leith gur aige a bhí an gunna agus go mba é a chaith an t-urchar margach.  B'eisean Peadar Ó Máille as Cor na Rón, a bhí sna hÓglaigh agus b'éigin dó dul ar a choiméad nó gur fógraíodh an Sos Comhraic cé go raibh sé gníomhach i rith na hocht mí dhéag i gceist.  Throid sé ar thaobh na bPoblachtánach le linn an Chogaidh Chathartha.  Gabhadh é i mí Eanáir 1923 agus chaith sé tréimhse i gcarcair nó gur scaoileadh é i mí Aibreáin 1924.  Sa leabhar seo cíorann a mhac an eachtra - eachtra a raibh sé féin dall air, cuid mhór, go dtí le gairid - agus tugann faoi dhianscrúdú ar chúinsí na tréimhse sin chomh maith le géarfhéachaint a thabhairt ar an gcaidreamh idir é féin agus a athair.

Íocaíocht & Slándáil

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Déantar do chuid sonraí íocaíochta a phróiseáil go slán. Ní dhéanann muid sonraí cártaí creidmheasa a stóráil agus níl aon rochtain againn ar shonraí a bhaineann le do chárta creidmheasa.

Postas a mheas

Seans go dtaitneoidh siad seo leat

Táirgí ar chuir tú suim iontu