IDEO Locator - Dubhán Ó Longáin


Price:
Sale price€7.50

Description

“Tugtar dúinn anseo guth nua Conallach. Cuirtear i láthair, i liricí gonta den chuid is mó, cúrsaí grá is collaíochta is drúise féin, cúrsaí creidimh is gaoil, saol na tuaithe agus mar sin, i bhfriotal atá simplí, soiléir is nádúrtha…” – Rody Gorman

Dánta nua-aimsire atá, aisteach, borb, croíúil, gonta, grámhar agus uaigneach. Measc sin le greann íorónach i bhfostú sna dánta céanna agus is mar thoradh ar sin tá IDEO (mar an gcéanna bun os cionn). Dánta ar cúrsaí grá is collaíochta is drúise féin, cúrsaí creidimh is gaoil, saol na tuaithe agus mar sin, i bhfriotal atá simplí, soiléir agus nádúrtha; na véarsaí i línte gearra.

Is file agus mac léinn PhD é Dubhán Ó Longáin. Tá dánta leis foilsithe in An tUltach, North West Words, Feasta agus Comhar. Bhain sé an chéad áit amach i Slam Filíochta Liú Lúnasa sa bhliain 2018, mar aon le duais Manchester Irish Language Writing Competition sa bhliain chéanna.

Payment & Security

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

Estimate shipping

You may also like

Recently viewed