Muireann agus an teach solais


Price:
Sale price€8.99

Description

Seo an tríú leabhar i sraith Mhuireann, atá cruthaithe ag Malachy Doyle i gcomhpháirt leis an mhaisitheoir Andrew Whitson. Tugann an tsraith trí chéile léargas iontach ar shaol an oileáin agus tá cuntas an-deas sa leabhar seo ar thábhacht an tí solais don phobal cois cósta.

Tá Muireann cleachtaithe leis an teach solais a bheith ag splancarnach isteach ina seomra i rith na hoíche agus is breá léi am a chur ar na bearnaí idir na splancanna. Ach nuair a mhúsclaíonn sí sa dubh dorchadas oíche amháin, caithfidh sí féin agus a cara Dónall (gan dearmad a dhéanamh ar a bábóg Nóra!) fáil amach cad é atá cearr leis an teach solais agus leis an choimeádaí, Séamus Phadaí.

Tá blas den tseandéanamh ar scéal Doyle ach measaim go bhfuil buaine ag baint leis chomh maith. Tá an téacs aistrithe go cumasach ag Máire Zepf agus, ar ndóigh, tá domhan beag draíochtúil cruthaithe ag Whitson sna léaráidí. Tá dearcthaí neamhchoitianta samhlaíocha iontu, go háirithe sna híomhánna den staighre bíse sa teach solais. Cruthaíonn na gathanna solais ó na tóirsí agus ón teach solais teannas drámatúil atá an-éifeachtach, agus tá uigeacht agus doimhneacht sna pictiúir uilig.

Tá deich bhfīric spéisiúil faoi thithe solais ag deireadh an leabhair a mbainfidh léitheoirí óga an-tairbhe astu. Bainfidh páistí an-sult as an scéal seo faoi Mhuireann agus Dónall cróga, agus cuireann na léaráidí áille beocht agus anam sa scéal.

When Muireann wakes up at night, something is wrong, completely wrong!  The lighthouse outside her window is no longer signalling!  Her father is fishing at night on his red boat.  How will he safely make it back to the harbour?  Muireann needs to get the lights back on – and fast!  This is a heartwarming and dramatic story of courage, determination and love.

Payment & Security

American Express Apple Pay Google Pay Maestro Mastercard PayPal Shop Pay Union Pay Visa

Your payment information is processed securely. We do not store credit card details nor have access to your credit card information.

Estimate shipping

You may also like

Recently viewed