Seanchas, Béaloideas agus Scéalaíocht / Folklore & Oral Tradition

An Capall Dubh agus Scéalta eile. Pádraig Ó Baoighill

An Capall Dubh agus Scéalta eile
Pádraig Ó Baoighill

Sa leabhar úr seo, tugann Pádraig léargas uathúil dúinn ar théamaí uilíocha an tsaoil. Tá éagsúlacht as cuimse sa chnuasach seo, leabhar ina bhfuil breis is scór gearrscéal ann.

Cinn úra nach raibh i gcló cheana atá i gCuid 1 agus i gCuid 2 gearrscéalta éagsúla a bhí i gcló in irisí ag dul siar go dtí 1986.

Tarraingíonn Pádraig ar a fhód dúchais do chuid mhór de na scéalta, chomh maith céanna le a shamhlaíocht draíochtúil. I measc na n-ábhar a phléann sé, tá an grá, an ceol, an imirce, an cearrbhachas, an chollaíocht, an drabhlas, an lucht siúil, trioblóidí an tuaiscirt, an Ghaeltacht, saol na cathrach, oileáin na hAlban, cúrsaí spóirt agus go leor leor eile nach iad. Fiorscoth chanúint dhúchasach Thír Chonaill atá sna scéalta seo, ach stór leathan focal fite fuaite ó chanúintí eile tríothu.


 

Order irish language books

Price: €10.00

An Siopa Gaeilge
Foirm Ordaithe Faoi Ghlas
Secure order form



Cinntíonn úsáid an fhoirm ordaithe ‘An Siopa Gaeilge’ costas níos cruinne ar phostas & pacála.
‘An Siopa Gaeilge’ secure order form often ensures a more advantageous post & packaging rate.

Purchase through PayPal
Price:
€10.00
Select correct postage for
your Postage Region