Is beag áit eile in Éirinn mar Ghleann
Cholm Cille: taobh le chéile sa dúiche uaigneach álainn
maireann go fóill tuamaí réamhstairiúla
chéadfheirmeoirí ar dtíre agus iarsmaí coistreactha
mhanaigh agus dhíthreabhaigh na luathChríostaíochta
a dtugtar ósmós dóibh i gcónaí.
Sa Ghleann fosta a bailíodh stór as cuimse
béaloidis ó bhlianta tosaigh obair Choisisiún
Béalóideasa Éireann anall agus lenár
linn féin tá cáil an-mhór ar
an áit as feabhas na bhfidléirí ann.
Le teacht Oireachtas na Gaeilge
go Gleann i 1989, rud a bhí ina bhuaic-phointe féin ar athbheochain
chultúrtha sa cheantar a thosaigh le gnéithe
d’obair an Ath. Mhic Dhaidhir agus a d’iompair
tionscnaimh Oideas Gael agus grúpaí eile
ar aghaidh go deireanach, measadh go mb’iomchuí iarracht
a dhéanamh ar léargas a thabhairt san aon áit
amhain ar mhórghnéithe chultúr agus
chuid de stair an cheantair neamhghnáigh seo. Pléitear
idir an sean agus an nua ann ag foireann údar a
bhfuil scolairi aithnidiúla agus taighdeoirí óga
uirthi – gach duine ina eolaí ar a réimse
féin d’oidhreacht shaibhir ilghnéitheach
Gleann Cholm Cille: ná sáruighter Seinglenn… áitreb
na lec nimhe.
Price: €9.99
An Siopa Gaeilge
Foirm Ordaithe Faoi Ghlas Secure order form
‘An Siopa Gaeilge’ secure order form often ensures a more advantageous
post & packaging rate.
Cinntíonn úsáid an fhoirm ordaithe ‘An Siopa Gaeilge’ costas níos cruinne ar
phostas & pacála.
Price: €9.99
Bí cinnte agus roghnaigh an réigiún postais
ina gcónaíonn tú. Please make sure that you choose the postage option for the region you
live in.