Sa leabhar seo tá an chéad dá chnuasach le Nuala Ní Dhomhnaill, An Dealg Droighin (1981) agus Féar Suaithinseach (1988) le fáil faoi aon
chlúdach amháin. Baineann Nuala feidhm as an bhfinscéalaíocht
agus as an seanchas ina cuid dánta, ach cuireann sí iad
seo i láthair i gcló comhaimseartha a bhfuil dearcadh feimineach
mar bhunús leis. Is iomaí eilimint a shníonn ina chéile
i ngréasán greanta a cuid filíóchta; tá an teanga, an dúchas,
an béaloideas, an litríocht, a taithí saoil agus meabhrach;
tá an cumas éachtach sin trína n-éiríonn léi an meafar
bíogach soilseach a chruthú, ag fí na n-eilimintí sin ar
a chéile go healaíonta gan d'ornáidíocht ach maise na háille.
Is fada an cló an dá leabhar agus cuirfear fáilte roimh
an athchló seo.
ISBN: 978-1-905560-77-6
Cló Iar Chonnacht 2011
Price: €15.00
An Siopa Gaeilge
Foirm Ordaithe Faoi Ghlas Secure order form
Cinntíonn úsáid an fhoirm ordaithe ‘An Siopa Gaeilge’ costas níos cruinne ar
phostas & pacála.
‘An Siopa Gaeilge’ secure order form often ensures a more advantageous post & packaging
rate.
Price: €15.00
Bí cinnte
agus roghnaigh an réigiún postais ina gcónaíonn tú. Please make sure that you choose the Postage option for the
region you live in.