Filíocht / Poetry

Múscail, A Ghiorria Eithne Ní Ghallchobhair


Múscail, A Ghiorria
Eithne Ní Ghallchobhair

Tá anáil an bhéaloidis le mothú go soiléir san eipic spreagúil, ealaíonta seo. Cuireann scéal an ghiorria ar ár súile go héifeachtach tuiscintí agus tuairimí doimhne ár sinear i leith an tsaoil agus nádúr an duine- an dá chineál, óg agus aosta, cairde afus céile comhraic. Is figiúr í an chailleach a mhair ar imeall an phobail, díthreabhach a bhí gafa leis an nádúr agus leis an saol eile. Ina ainneoin sin bhí ról lárnach sa tsochaí aici, ag teacht i gcabhar in a, an ghátair, agus ag roinnt eolas praiticiúil agus gaoise go fial ar chách.

Coincheap ársa is ea cumas na cillí í féin a chlaochlú, gné shuaithinseach den scéalaíocht ó ré na meánaoise anonn, tréith atá le sonrú go háirithe sna heipicí clasaiceacha, Tochmharc Éadaoine agus Oidhe Chlainne Lir, atá fite go deas fileata isteach i scéal an ghiorria. Sa saothar seo téann an t-údar i ngreim go meabhrach, físiúil le téamaí suntasacha ón éigse béil, téamaí atá chomh hábhartha inniu is a bhí riamh.

Freeverse by Eithne Ní Ghallchobhair

 

 


Order irish language books

Price: €13.00

An Siopa Gaeilge
Foirm Ordaithe Faoi Ghlas
Secure order form



Cinntíonn úsáid an fhoirm ordaithe ‘An Siopa Gaeilge’ costas níos cruinne ar phostas & pacála.
‘An Siopa Gaeilge’ secure order form often ensures a more advantageous post & packaging rate.

Purchase through PayPal
Price:
€13.00
CHOOSE CORRECT
POSTAGE FOR
YOUR REGION