
Tá Oideas Gael (www.oideas-gael.com)
ag múineadh
Gaeilge do dhaoine fásta ó bhí 1984
ann. Tá taithí na mblianta againn a bheith
ag freastal ar riachtanais ár gcuid foghlaimeoirí a
thagann chugainn ar chúrsaí nó atá ag
freastal ar chúrsaí san iliomad áit
ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne. Tá An
Siopa Gaeilge forbartha mar sheirbhís don fhoghlaimeoir,
don mhúinteoir agus do gach duine a bhfuil suim
aige/aici i dteanga agus cultúr na hÉireann.
Tá an siopa, atá ar oscailt go laethúil,
lonnaithe in Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co Dhún
na nGall. Tá rogha mhór ar fáil de
réimse leathan earraí atá oiriúnach
don fhoghlaimeoir Gaeilge ag gach leibhéal, ar a
n-áirítear ábhair do lucht cúrsaí Gaeilge,
leabhair dhátheangacha, nua-scéalta le dlúthdhioscaí,
leabhair ghramadaí, cártaí dátheangacha
agus mórán eile.
Tá ábhar tacaíochta ilghnéitheach
ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge atá ag
plé le daoine fásta, páistí bunscoile
agus daltaí meánscoile. Lena chois sin, tá rogha
shuntasach de leabhair pháistí againn,
chomh maith le postaeirí daite, físdhioscaí agus
cluichí.
Tá clú agus cáil ar Dhún na
nGall as an cheol traidisiúnta agus níl sárú ar
rogha an tsiopa seo maidir le dlúthdhioscaí ceoil as
bailiúchán Cairdeas na bhFidléirí ó James
Byrne, Con & Frank Cassidy agus Johnny Doherty, chomh
maith le Clannad, Altán agus ceoltóirí eile
as gach cearn den tír. Gach samhradh meallann ceolchoirmeacha
Oideas Gael ceoltóirí as gach áit
sa tír. Mar thoradh air sin tá dlúthdhioscaí againn ó Mháire
Ní Bhraonáin, Ashley Davis, Dermie agus Tara
Diamond, Altán agus mórán eile nach
iad ar ceoltóirí den scoth iad.
Oideas Gael (www.oideas-gael.com) has been teaching adult
Irish language learners since 1984. We have gained a particular
expertise in satisfying the needs of our many participants,
from Ireland and the world over, who attend our classes
in Donegal and associated courses throughout Ireland as
well as on a worldwide basis.
An Siopa Gaeilge is committed
to providing a first-class service to the language
learner, the teacher, parents and
all those interested in Ireland’s language and culture.
An
Siopa Gaeilge is located in Oideas Gael,
Gleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall. An Siopa contains
a selection of items regarded by Oideas Gael as being of
particular
interest to the Adult Irish language learner and the teacher
(adult, primary and second level). We also carry a wide
selection of materials for children and a variety of traditional
music resources. Our
selection of traditional music CDs focus, in particular,
on those wonderful musicians hosted by Cairdeas
na bhFidléirí as
well as those who play each summer in Oideas Gael’s
highly-acclaimed concerts. Musicians performing in our
2009 series of concerts included Máire Ní Bhraonáin,
Ashley Davis, the Campbell clan, Dermie & Tara Diamond,
Mairéad Ní Mhaonaigh and Tommy Peoples, together
with many other outstanding musicians.
An Siopa also carries
an unsurpassed range of bilingual greeting cards, along
with books on Irish history, culture, archaeology, music
and the environment. Note too that An Siopa Gaeilge is
able to facilitate those interested in purchasing paintings
of the area, knitwear and other local handcrafts.
|